Cuir le do chúpla focail!

Foilsithe san iris i Samhain 2020.

Ealaín le Nanami Ando Nic Suibhne.

 

Cuir le do chúpla focail!

 

Bealaí éagsúla chun do chuid Gaeilge a fhorbairt i rith an dianghlasála

 

Sna laethanta seo, is dócha go bhfuil níos mo ama againn agus go bhfuil roinnt againn ag iarraidh rudaí nua a phiocadh suas. Cloisim an t-am ar fad ó dhaoine idir óg agus aosta nach bhfuil ach ‘cúpla focail’ Gaeilge acu agus gur bhreá leo a bheith in ann ár dteanga a labhairt i gceart. Is cinnte go bhfuil pobal na Gaeilge i gcónaí ag fásadh. Airimíd uainn uilig an ‘Pop Up Gaeltacht’ – nuair a bhailíonn Gaeilgóirí le chéile i dtithe tábhairne timpeall na cathrach chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh. Is deis iontach í an teanga a úsáid ach, faraor, leis na srianta ar fad atá i bhfeidhm anois, tá imeachtaí mar seo ar líne, nó curtha ar ceal. Ach, más rud é go bhfuil fonn ort an Ghaeilge a chleachtadh agus tú sáinnithe sa bhaile, seo iad cúpla bealaí chun cur le do chúpla focail:

 

    • An Cumann Gaelach: Díreach i gcroílár an choláiste, is cumann iontach é An Cumann Gaelach chun an teanga a scaipeadh trí phobal na hollscoile. Is liosta le háireamh é na himeachtaí a bhíonn eagraithe acu i rith na bliana, cé go bhfuil neart rudaí ar líne faoi láthair. Is féidir leat páirt a ghlacadh ar Zoom agus sult a bhaint as díospóireachta, ceardlanna agus aoichainteoirí iontacha (sa téarma seo, labhair Niamh Ní Chróinín leis an gcumann – iar-scoláire an choláiste atá ag obair le Conradh na Gaeilge anois). Is seans é chun taitneamh a bhaint as an teanga leis na mic léinn eile – agus ní chosnaíonn sé ach €1.50 chun ballraíocht a fháil! 
    • Podchraoltaí: Ar thaobh na teangacha, is rud iontach é an podchraoladh. Clúdaítear téamaí éagsúla – ó chúrsaí polaitíochta go cúrsaí litríochta – agus is féidir leat ceann a aimsiú do gach duine, cibé suimeanna atá acu. Tá a lán podchraoltaí as Gaeilge ar fáil ach seo cúpla ceann is fearr liom:
      • ‘Beo Ar Éigean’: Seo é podchraoladh de chuid Raidió na Gaeltachta agus tá sé curtha i láthair ag triúr ban: Siún Ní Dhuinn, Sinéad Uí Uallacháin agus Áine Ní Bhreasláin. Labhraíonn siad faoi achan rud, mar shampla ciníochas, feimineachas agus cúrsaí reatha ginearálta. Bíonn aoichainteoirí acu uaireanta agus bíonn meascán cánúintí ann chomh maith, rud atá tairbheach do fhoglaimeoirí.
      • ‘Canbhás Uí Chiaraidh – BLOC TG4’: Thosaigh an podchraoladh seo níos luaithe i mbliana agus tá sé curtha i láthair ag TG4. Tá sé ceangailte leis an bpobal idirlíne ‘BLOC’ – cruthaíonn an grúpa seo sceitsí, gearrscannáin agus neart rudaí eile (acmhainn iontach – is féidir leat BLOC a aimsiú ar na meáin sóisialta ar fad!) Sa phodchraoladh seo, bíonn agaillaimh ar siúl idir an láithreoir, Micheál Ó Ciaraidh, agus Gaeil eile aitheanta.
      • ‘Motherfoclóir’: Is ceann cáiliúil é an podchraoladh seo, atá curtha i láthair ag Darach O’Séaghdha. Ní sé an-oiriúnach do dhaoine atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim ó bhunleibhéal mar tá sé i mBéarla ach tá sé dírithe ar stair agus struchtúr na teanga agus cúrsaí Gaelacha. Labhraíonn na cainteoirí faoi cheisteanna an aistriúcháin, stair na sochaí Éireannach agus bíonn aoichainteoirí suimiúla ann freisin. 

 

  • TG4: Thosaigh TG4 mar stáisiún beag i 1996 agus anois, ní féidir leat acmhainn níos fearr  a aimsiú chun an teanga a fhoghlaim leis na cláir ar fad atá ann. Má théann tú go dtí an seinnteoir ar líne, beidh sobaldrámaí, cláir fáisnéise, scannáin, cluichí spóirt agus cláir do pháistí ann.
  • Leabhair Gaeilge: Má tá suim agat sa léitheoireacht, ní deireadh ar bith leis na leabhair Gaeilge atá ar fáil. Mholfainn tús a dhéanamh leis na leabhair atá scríofa ag Máire Ní Dhufaigh. Scríobhann sí faoi dhéagóirí i gceantar tuaithe i rith an tsamhraidh – níl an plota nó an teanga ró-dheacair ach is leabhair iontach iad mura bhfuil a lán taithí agat le leabhair Gaeilge. Má tá caighdeán níos airde agat, tá aistriúcháin déanta ar leabhair cáiliúla, cosúil le ‘Harry Potter’ agus ‘The Hobbit’. Is féidir leat leabhair ficsean a fháil atá bunaithe ar na clasaicí nó úrscéalta grafacha don óg agus aosta – má théann tú go dtí an Siopa Leabhar, beidh an lá ar fad de dhíth agat chun bhreathnú ar na roghanna ar fad! (Faraor, tá an siopa ar Sráid Fhearchair dúnta anois, ach is féidir leat leabhair a ordú uathu ar líne – seans freisin chun tacú le gnó Éireannach!)

 

 

Ní hiad seo ach roinnt bealaí chun forbairt a chur ar do chuid Gaeilge. Tá na hacmhainní foghlamtha ag fásadh an t-am ar fad agus, sa domhan teicneolaíochta, is féidir linn snas a chur ar ár dteanga, fiú leis na cúinsí deacrachta atá againn faoi láthair. Is cuid tábhachtach den sochaí í an Ghaeilge agus mar a deirtear, ‘Beatha teanga í a labhairt’.

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *