Seachtain na Gaeilge: Céiliúradh ar anam na tíre

Foilsithe san iris i Márta 2021.

Ag céiliúradh ár dteanga i measc dianghlasála – agus an gá le hí a chéiliúradh

 

Airímid uainn uilig an saol roimh an phaindéim nuair a bhíomar ábalta bailiú le chéile mar phobal chun na rudaí móra agus na rudaí beaga a chéiliúradh. Mar mhac léinn na dteangacha, mothaím i mbliana chomh maith an tionchar dochrach de bharr na heaspa idirgníomhaíochta atá againn, ní hamháin sna léachtaí. Níl na deiseanna céanna againn bualadh le chéile agus ár dteanga a úsáid. Sin an fáth go raibh mé thar a bheith sásta nuair a chonaic mé na fógraí uilig ar líne do Sheachtain na Gaeilge 2021 – deis chun an Ghaeilge a chéiliúradh agus cumarsáid a dhéanamh (cinnte go leictreonach) le Gaeilgeoirí eile!

 

Tosaíonn Seachtain na Gaeilge ag tús mí Mhárta agus téann sé ar aghaidh ar feadh coicíse nó thart faoi sin de gnáth, ag críochnú ar Lá Fhéile Pádraig. Ní chaithfidh mé mórán a rá faoi stádas na Gaeilge sa tír seo. Tá pobal na nGaeilgeoirí réasúnta láidir — rud a táim thar a bheith bródúil as — agus tá sé ag fásadh an t-am ar fad, ach is í an fhírinne shearbh ná nach n-aithnítear an Ghaeilge le dóthain airde nó measa. Is seanscéal é: “buaileadh sa scoil mar ghasúr mé agus mé á foghlaim”, “tá an tuiseal ginideach sin do mo chrá”, “is teanga mharbh í”. Go bunúsach, níl tóir ag roinnt daoine Éireannacha ar an nGaeilge, ach le féilí cosúil leis an ócáid speisialta seo, feictear blas den dóchas agus is féidir linn taithí agus taitneamh ceart a bhaint as anam ár dtíre. 

 

Tá na srianta ar fad ag fágáil na tíre faoi néal dubh faoi láthair. Is iontach an rud é go bhfuilimid in ann freastal ar imeachtaí ar líne ach bíonn gá ann caighdeán na n-imeachtaí a laghdú. Ach gan amhras, cuireadh iontas ormsa nuair a chonaic mé clár na n-imeachtaí a bhí á eagrú ag ár gCumann Gaelach féin sa choláiste! Léiriú a bhí ann ar phaisean don Ghaeilge i gColáiste na Trionóide. Bhí na ciorcail comhrá móréilimh ann, maidineacha caife agus neart ceardlanna. Eagraíodh díospóireacht agus plé painéil chun seans a thabhairt do dhaoine a scileanna teanga a chur in iúl agus a n-argóintí a roinnt. Sna tráthnónta, bhí na himeachtaí níos mó ar siúl, cosúil le Cúirt Éigse, imeacht ina roineann mic léinn a saothair féin as Gaeilge ó dánta go hamhráin. Is gnéithe tábhachtacha iad an litríocht agus an ealaín i dteangacha agus ní féidir a shéanadh ach go bhfuil an Ghaeilge lán le saothair agus scríbhneoirí iontacha. Chomh maith leis sin, bhí dráma ar siúl le rannpháirtíocht ó DU Players – “Casadh an tSúgáin” le Dúbhghlas de hÍde, an chéad Uachtarán Éireann. Cé go rabhamar uilig taobh thiar de na scáileáin, mhothaigh mé an t-atmaisféar lúcháireach céanna agus mé ag freastal ar na himeachtaí. Agus níl dabht ann ach go raibh codanna eile na tíre ag céiliúradh sna hollscoileanna eile, sna meáin shóisialta, agus cibé slí eile a bhí ar fáil!

 

Tá sé tábhachtach nach ndéanaimid dearmad ar an ngá a bheith ag tacú le féilí cosúil le Seachtain na Gaeilge, go háirithe leis na cúinsí atá againn faoi láthair. Fiú roimh an phaindéim, bhí saghas stró de dhíth chun tionchar na Gaeilge a choinneáil beo. Is oth liom é seo a rá mar mhac léinn na teanga ach sin an chaoi a bhfuil sé. Agus uaireanta agus mé ag déanamh machnaimh faoi thionchar dosheachanta na paindéime seo don todchaí, imíonn mo smaointe go dtí an tionchar a bheidh le feiceáil sna cúrsaí cultúrtha, an Ghaeilge san áireamh. Leis an gcuid is mó den tír sa bhaile, níl an Ghaeilge mar chuid den ghnáthamh laethúil níos mó. Nílimid fiú ag éisteacht leis na háitainmneacha as Gaeilge ar an Luas nó na fógraí ar an mbus. Ní thugann neart daoine aird don Ghaeilge ar aon nós, ach mar a sheasann cúrsaí anois, níl an teanga mar pháirt an tsaoil ar chor ar bith do dhaoine áirithe. Tugann imeachtaí Sheachtain na Gaeilge deis do roinnt daoine an teanga a chéiliúradh, ach deis do roinnt eile a chuimhneamh go bhfuil an teanga fós ann. É sin ráite, is soiléir go bhfuil a lán gnóthaí Gaeilge ag dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn sna laethanta seo. Tá siopaí Gaeilge i mbun gnó ar líne agus cé go bhfuil deacrachtaí ann le scannánaíocht faoi láthair, thug mé faoi deara an lá cheana go bhfuil neart clár suimiúil ó chartlanna TG4 foilsithe ar an seinnteoir. 

 

Is gearr go mbeidh an ghéarchéim seo thart ach caithfimid a bheith réidh leis an iarmhairt. Ní féidir liom míniú daoibh i gceart an saibhreas atá tagtha ar mo shaol de thairbhe na Gaeilge. Aon seans chun sult a bhaint as ár dteanga, tá dualgas againn é a thapú.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *