Sé chroiméal cáiliúil a theipfidh ort fás an Movember seo

Cosúil le taibhsí ár sinsir, is í Samhain an mhí a roghnaíonn an croiméal (fíor-phúca fhaisin na bhfear) chun athchuairt a thabhairt orainne ón alltar, créatúir bhochta an domhain shaolta atá ionann. Thiocfadh linn an locht as an mhéid seo a chur ar bheirt Astrálach: Travis Garone agus Luke Slattery. Chuir siadsan agus tríocha cairde eile tús leis an fheachtas Movember (nó Samhain na Staise, má tá cead agam cor dúchais a chur air) don chéad uair i 2003, le rún an stíl chlúmh aghaidhe seo a athmhúscailt ó chré fhuar na cille agus airgead a bhailiú ar son obair charthanachta a bhaineann leis na fir.

Faroar, ní mór dúinn a mbua a fhulaingt anois agus na mílte ag siúl timpeall lena bhfás suarach á thaispeáint acu faoina srón (mise féin ina measc, caithfidh mé a admháil). Ach, cé gur dua millteanach é seo, ba chóir dúinn cuid croiméal fiúntach a cheiliúradh leis an mhí atá inti. Le cuidiú Dé, cuirfidh sé i gcuimhne dóibh siúd a bhfuil drochshamhail de Shamhain na Staise ar siúl acu gur cheart dóibh an rásúr a thabhairt amach arís ar theacht Mhí Nollag. 

 

Albert Einstein

Shilfeá nach mbeadh mórán ama saoire ag an duine a athraigh go huile is go hiomlán ár mbunthuiscint ar am é féin chun cóiriú pearsanta a dhéanamh, ach tá cuma ar an scéal go raibh go leor ag Eistein chun a liopa uachtair a mhaisiú leis an stíl shimplí éifeactach seo. Dearbh-ghinias atá ann dar liom.

Albert Einstein - Freedom From Religion Foundation

 

Freddie Mercury

Ba chroiméal é seo a bhí chomh drámatúil is ceannasach mar Mercury é féin – léirigh sé an bheocht is an fuinneamh a bhí go smior ag an cheoltóir cumasach seo a scríobh cuid de na hamhráin is fearr riamh. Mar sin de, dá gcaithfeá a leithéid, ní léireodh sé ionat ach d’amadántacht is ganntanas tallain.

 

 

Friedrich Nietzsche

Ba eisean a dúirt go bhfuil toil chun cumhachta ag achan duine, ach is beag dabht atá ann go raibh toil chun croiméil ag Nietzsche. Chuirfeadh stais uafásach an fhealsaimh seo ní ba mhó eagla ort ná bás Dé féin. Muna bhfuil atarlú síoraí ann, ní dócha go n-éireoidh le haon mac léinn an stíl chróga seo a athchruthú in aon mhí amháin.

 

 

 

Salvador Dalí

Fear a bhí i Salvador Dalí nach raibh aon fhaitíos air a ealaíon a chur in iúl ar a aghaidh chomh maith lena chanbhás. Bheadh sé iontach doiligh an stais fhíneálta, chigilteach seo a chaitheamh mar is ceart taobh amuigh de d’fhanasaíochtaí osréalaí féin. Le bhur dtoil, ná bain triail as.

 

Hulk Hogan

Láidreacht. Cumhacht. Fearúlacht. Ní amháin gurb iad seo na tréithe phearsanta atá ar easpa ó bhuachaill Fhoirgneamh na n-Ealaíon, ach an teachtaireacht a chraolann an croiméal fórsúil seo. Stais nach ngéillfidh d’aoinne go deo. 

Hulk Hogan - Wikiwand

 

Charlie Chaplin

Cé go n-oireann sé go breá don aisteoir tostach seo, bheadh sé ina údar imní duit dá bhfeicfeá aoinne le croiméal ar nós an scuab fiacla ar a aghaidh sa lá atá inniu ann. Má dhéanann duine ar bith iarracht a leithéid de seo a chaitheamh le linn Samhain na Staise, bá chóir críoch a chur leis an fhiontar ar fad.

Buckets & Spades - Men's Fashion, Design and Lifestyle Blog: Current Obsession: Slapstick

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *