Níl aithne ag Netflix orm

Originally Published in Print, December 2021.

 

An bhfuil éinne eile ar aon tuairim liom nach bhfuil Netflix i mbarr na réime le déanaí? Ní léirím suim in aon de na sraitheanna a mholann sé dom a thuilleadh. Faoi láthair bíonn sé níos deacra agus níos deacra orm éirigh níos faide ná an réamhbhlaiseadh, gan aird a thabhairt fiú ar an gcéad eipeasóid. Ta cuma beagáinín leadránach ar gach rud, amhail is go bhfuil siad ar fad feicthe agam cheana.

Is dócha nach bhfuil ionadh orm. Tar éis trí dianghlasáil tá go leor Netflix feicthe agam, agus sin gan aird a thabhairt ar Amazon Prime agus na meáin sruthaithe eile atá mé tar éis triail a bhaint astu. Deirtear nach bhfuil ann ach cúpla snáithe scéil a bhí bunaithe ag na Sean-Ghréigigh agus ó shin ar aghaidh tá gach rud nach mór mar an gcéanna: buaileann buachaill le cailín, cailleann an buachaill an cailín, éiríonn leis an mbuachaill an cailín a fháil ar ais. An saghas rud sin. Ní haon ionadh go bhfuil an blas céanna ar gach rud.

É sin ráite, rith se liom nach bhfuil an locht ar na daoine a chruthaíonn na scannáin seo ach ar intleacht shaorga Netflix. Níl ach taobh amháin de feicthe againn – an taobh a bhaillíonn eolas faoi na sraitheanna agus na scannáin atá feicthe againn agus cathain a bhreathnaíomar orthu. Ansin baineann Netflix úsáid as an eolas seo ar fad chun sraitheanna agus scannáin a mholadh dúinn. 

Ach níl sé sin ach taobh amháin den scéal. Baineann Netflix úsáid freisin as an eolas seo ar fad óna 209 milliún rannpháirtithe domhanda chun cinneadh a dhéanamh cén sraitheanna agus scannáin le ceannach nó le coimisiúnú. An fhadhb ná nach féidir gach duine a shásamh.

Tóg mar shampla ‘Chesapeake Shores’, an tsraith taithneamhach ar Netflix. Leanann an tsraith na siblíní O’Brien agus iad ag tabhairt aghaidhe ar anbhroidí an tsaoil in Maryland. Tá fadhbanna acu ach bíonn gach rud ceart go leor faoi dheireadh na sraithe. Agus tarlaíonn sé seo an t-am ar fad. Sin an fhadhb, éiríonn sé leadránach go n-oibríonn gach rud amach ar nós finscéal de shaghas éigin.

Tá ‘Chesapeake Shores’ cosúil leis an dá shraith cháiliúil ‘Gilmore Girls’ agus ‘Virgin River’. Tá an dá shraith seo sa chatagóir chéanna le ‘Chesapeake Shores’, tá siad éasca le breathnú orthu agus taithneamhach. An difríocht ná nach raibh saol foirfe ag na daoine sna sraitheanna seo. Cinnte, bhí saol idéalaíoch acu, ach tharla cúpla rud dona i measc na rudaí maithe ar fad. Bhí siad inchreidte mar scéalta, nó chomh inchreidte is gur féidir leo a bheith!

Caithfear ceist a chur an bhfuair algartam Netflix mícheart é. An rud a mheall ‘Gilmore Girls’ agus ‘Virgin River’ mé ná na rudaí a chuaigh bun os cionn ina saolta, chomh maith leis na rudaí iontacha. Ar ghlac Netlix leis nach maith liom ach finscéalta, agus an cinneadh a dhéanamh go raibh ‘Chesapeake Shores’ – lena chomharbas gan taise de chríocha foirfe do gach saghas dursan – an rud a bhí uaim? Más rud é go bhfuil sé sin an cás, tá sé mícheart acu – d’éirigh mé as i ndiaidh an chéad shéasúir!

Cuireann sé ceist níos mó chun cinn. Más rud é nach bhfuil intleacht shaorga Netflix ábalta na sraitheanna is fearr liom a thaispeáint dom agus na cinn nach maith liom a choimeád as mo scáileán, fiú leis an eolas ar fad atá acu ar mo nósanna thar na bliana, conas go bhféadfaí le hintleacht shaorga saolú ar na rudaí ar fad a gealladh dúinn?

Creideann ‘Silicon Valley’ go bhfuil intleacht shaorga an chéad oirear eile. D’fhógair Mark Zuckerberg le déanaí go mbeadh Facebook ag casadh i dtreo rud éigin darb ainm ‘Metaverse’ – nuair a bhaintear úsáid as an idirlíon trí uirlisí réaltachta fíorúla agus go leor leor intleacht shaorga. Creidfidh mé é nuair fheicim é.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *