Ní Féidir Barróg a Thabhairt do Chuimhne

Níl loch i Leamhcáin. Táimid ag fáil linn snámha, ach tá imní orm smaoinemah faoi cén saghas víreas shóite a bhfuil chun teacht amach as sin. Bheadh loch go deas, áfach.

Bhí físeán YouTube a bhreathnaigh mé air a lán mar pháiste. Físeán ceoil amaitéarach i gcomhair amhráin Kid CudiUp, Up and Away’ a bhí ann. Níor cuimhin liom an uair dheireanach a d’éistigh mé le Kid Cudi, ach fós cónaíonn an físeán sin i mo gceann. Is rud maith é, mar tháinig deireadh leis ar líne. Níl fhios agam cá ndeachaigh sé, b’fhéidir fuair sé buailte le dlí an choipchírt, b’fhéidir d’fhás na déagóirí san fhíseán anuas agus scrios siad é. Tá fhios agam, gur chuaigh mé ag breathnú i gcomhair é lá amháin agus bhí sé imithe. Léirigh an físeán an samhradh foirfe, ag snámh i rith an lae agus ag tóstáil leamhachán san oíche. Ní smaoiníonn buachaillí a bhfuil dhó dhéag faoi rud ar bith níos mó ná a smaoiníonn siad faoi shamhradh foirfe. Bhí saoil na ndéagóirí san fhíseán tógtha díreach amach as scannán. B’fhéidir tá cúpla dóibh ag fánacht i gcomhair Q chun iad a shábháil anois, ach ag an am dhéanfainn rud ar bith chun samhradh a caitheamh ar an loch. Anois, ní féidir liom fiú breathnú ar an bhfíseán.

Is é seo déacht na ré digiteach, tá ealaín níos so-aimsithe ná ríomh ach tá siad in áit an-chontúirteacht chomh maith. Nuair a bhuail an chloig meán oíche ag tús na mbliana, d’imigh na mílte cluiche brabhsálaí as radharc. Cluichí a shábháil gluain scoláire ón idirbhlian. Tá cluichí eile imithe as siopaí Sony ‘s Nintendo mar tá siad ag iarraidh na cluichí céanna a dhíoladh arís i gcúpla bliana ach dhá oiread níos daoire. Tharla an rud céanna do mhílte amhráin ar MySpace, an áit a thosaigh gairmréim Kid Cudi.

Bhí leagan den scannán Final Destination a bhfuil eagarthóireacht déanta air ag sruthú ar Netflix le déanaí. Sa leagan seo, bhí radharc ina chroch déagóir é féin go magúil bainte den scannán mar bhí sé ag magadh féinmharaithe. San fhíorshaol, níor chóir  d’éinne a bheith ag magadh féinmhárú ach ní Final Destination téacsleabhar chun taispeáint do pháistí, is (saghas) ealaín é. San fhíorshaol, bíonn déagóirí amadach ag insint scéalta grin tútach, ‘s tá na Final Destination scannáin faoi déagóirí amadacha ag fail bháis. Is fuinneog í ealaín istigh i saoil daoine eile, ní scáthán d’aingeal.

Tá an fhadhb seo níos dáríre anois mar is cuma le stiúideo nua faoi ealaín, is cuma leo faoi hábhar. Ní chaithfidh a scannáin nó clár teilifíse a bheith go maith, ach caithfidh siad a bheith neamhbhagracha. Tá clár scríofa chun a bheith seat scáileáin, tá sé moráltach do na meáin shóisialta. Nuair a ceannaíodh Disney Fox, cuireadh stop le pictiúrlann ag taispeáint scannáin cosúil le Alien. Níl na scannáin seo ag teacht le branda Disney, ach fós tá siad i gceannas orthu. Is damáiste comhthaobhach é chun lig do Evan Peters a bheith in WandaVision. Tá drochbhail ar chúrsaí faoi láthair, tá stiúideo scannánaíochta in ann a bheith i gceannas ar cad a fheicimid i bpictiúrlann nó fiú na pictiúrlann iad féin. Faoi láthair, tá ealaín faoi rialú olagapalacht a bhfuil ag iarraidh é a dhigitiú.

D’oscail an chéad séala an apacalipisis i 2020, ach ní capall bhán a tháining dúinn, bhí sé i bhfad níos measa. Díoltar go leor cóip de scannáin Kevin Smith, Dogma, i gcomhair na céadta dollair ar line. Sea, an scannáin leis an arracht cac. Agus sea, b’fhéidir go bhfuil roinnt radharc iontach ann, ach ní hé sin an fáth go raibh daoine ag caitheamh airgid amadach air, tá sé luachmhar mar tá sé neamhchoitianta. Buíochas le Dia, tá mo chóip DVD fós agam agus b’fhéidir bheifeá in ann cóip a fháil i do shiopa carthanais áitiúl  i gcomhair gcúpla pingin. Ba chóir duit é cheannach, agus aon DVD eile atá ann sula bhfuil siad imithe go brách, mar ní féidir leat barróg a thabhairt do chuimhne.

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *