Netflix Na Gaeilge: An Seinnteoir TG4

Foilsithe san iris i Samhain 2020.

Ag deireadh lá éigin i rith an chéad dianghlasála agus mé tuirseach traochta, réidh chun m’intinn a chasadh as agus gach aon smaoineamh a chuir as mo cheann, chuaigh mé chuig Netflix chun breathnú ar “Always Sunny” arís don deichiú huair, ach nuair a thosaigh sé, dún mé síos an táb. Tar éis cúig mhí sa bhaile, bhí mé braon de. Bhí rud éigin úr, nua, nach raibh feicthe agam go dtí seo de dhíth orm. Rud ar bith. In áit féachaint ar Netflix, chuaigh mé chun scroll ar Twitter agus ansin chonaic mé an cuntas TG4 ag chuir amach tweet éigin (ní chuimhin liom cad faoi, b’fhéidir Michael D fancam nó rud éigean mar sin). B’shin seinnteoir nár smaoinigh mé air. San alt seo, táim chun dul trí chuid de na rudaí a tháinig mé orthu, ar an seinnteoir TG4, ach ar dtús, táim ag iarraidh a rá go bhfuil an tséirbhís seo go huile is go hiomlán saor in aisce do dhaoine a bhfuil ina gcónaí in Éirinn agus an rud is fearr faoi (an rud nach féidir a dhéanamh ar an stáisiún teilifíse) ná gur féidir leat na fotheidil a casadh as más mian leat. Ar aon nós, ar aghaidh linn.

Faisnéis

Má tá aon rud soiléir tar éis na dianghlasáilí seo, is aoibheann le daoine cláir faisnéise. D’fhéach na mílte, mílte daoine ar Tiger King agus muid díreach ag tosach an chéad dianghlasála. Le déanaí, bhí American Murder: The Family Next Door agus The Social Dilemma. Bhuel, má raibh tú tógtha leo siúd, tá dea-scéal agam duit: tá cláir agus scannáin faisnéise den scoth ar TG4. Tá clár Ciara Uí hÉ: Saol trí Gaeilge (2020) faoin tsochaí Gaeilge atá ina gcónaí i gcathracha éagsúla (cosúil le Béal Feirste agus Baile Átha Cliath). Breathnaíonn an clár ar conas do chuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den Ghaeltacht. Is clár suimiúil, macnamhach é, ach freisin is fiú é chun an taobh istigh de na tithe tábhairne a fheiceáil arís agus iad dúnta faoi láthair. Freisin tá Puncaí (2019), clár faoi cheol Punc agus na daoine a bhí agus atá páirteach ann. Tugann sé léargas ar shaol, stair, agus ar fhealsúnacht na bPunc i rith na seachtoidí agus sa lá atá inniu ann i ngach cearn den oileáin ó Bhéal Feirste go Corcaigh. Má tá rud níos faide de dhí th ort, tá sraith iomlán ann faoi stair dearadh faisin na hÉireann: Snáithe (2018). Is clár é a léiríonn na saghas scéalta atá le hinsint ag faisin na hÉireann ón Meánaois go dtí 2018.

Saolchláir

Ach tá seans (agus tuigim é) go bhfuil na rudaí seo ró-dáiríre agus níl uait ach beagán siamsaíochta agus spraoi. Le déanaí, cuireadh an tsraith ar fad Paisean Faisean ar líne. Is sraith í seo a thosaigh sa bhliain 2005, agus is léir sin ó thús an chéad éipeasóid. Muna bhfuil aithne agat ar an tsraith, is clár cleamhnais atá ann ina bpiocann triúir fir roinnt éadaí do chailín agus piocann sise an ceann is fearr léi chun í a thógáil amach ar ‘date’. Is saghas taiscéadan todhchaí é ó thús an míle blianta. Déan dearmad ar Sex and the City, is é seo an t-aon féachaint siar atá uaim.

Ficséan

Den chuid is mó, is deacair cláir ar TG4 a roinnt idir drámaí agus cláir grinn; bíonn gnéithe den dhá chuid i ngach clár ficsin. Mar shampla, tá Éirí Amach Amú (2016) faoi triúir fear i 2016 a dhéanann taispeántas faoi Éirí Amach na Cásca, seoltar ar ais iad go dtí 1916 agus tá orthu páirt a ghlacadh san éirí amach iad féin. Tá roinnt de greannmhar agus iad ag déanamh iarrachta gan a bheith ina n-ámadáin ar fad in aice le Séamas Ó Conghaile agus a leithéad. Ach freisin, tá roinnt de an-tragóideach ar fad. Tá scéal amháin ann faoi hathair a mharaíonn a iníon i dtimpiste bóthair, agus é ag déileáil leis an gcrá sin. Is féidir leis bogadh idir na dhá mothúcháin seo gan stró de bharr an caighdeán scríobhneoireachta atá ann. Is féidir an rud céanna a rá faoi chlár a cuireadh ar fáil cúpla seachtain ó shin: Le Ceangal (2020). Tá sé faoi bheirt atá ag baint triail as caidreamh a cruthú lena gcéile thar Zoom. Is clár éadrom, siamsúil é faoin dianghlasáil agus an crá a bhaineann leis agus daoine óga ag iarriadh grá a aimsiú. Tá na heipeasóidí gearr go leor freisin. Níl siad ach cuig nóiméad an cheann, mar sin is féidir ceann a chuir ar siúl agus tú ag ullmhú cupán tae. 

Le críochnú, táim ag iarriadh labhairt libh faoi rud nach féidir a dhéanamh ar Netflix: féachaint ar TG4 beo. B’fhéidir gur ait an rud é, a bheith ar bís faoi teilifís beo, ach i mo shaol ina bhfuil na seirbhísí sruthú amháin agam, is rud deas é gan bheith ort rogha a dhéanamh ar an gclár a bhreathnaíonn tú air. Is féidir liom TG4 a chuir ar siúl agus beidh rud éigin suimiúil, éirimiúl ar siúl. Mar sin, ar aghaidh leat! Téigh ag cuardach trí an seinnteoir TG4. B’fhéidir go bhfuil an clár nua is ansa leat ag fánacht ort ann.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *