M’oibseisiún le saothráin bheo: kimchi

Is minic a chloisim ó mo chairde gur hipeacoindreach mé, agus an bhfuil an ceart acu…b’fhéidir. Ní hipeacoindreach i ndáiríre mé ach ní féidir liom a shéanadh go bhfuil sé de nós agam mo chuid siomptóim a fhéachaint suas ar ‘WebMD’, cás-tuairiscí a ghrinnléamh tar éis cógais nua a ghlacadh agus ansin cuir ina luí orm féin go bhfuil aicíd mharfach orm! Nuair a bhuail an coróinvíreas ní raibh eagla orm roimhe ach ar feadh míosa anuraidh cheap mé go raibh gach galar faoin ngrian orm. Ar chúis ait éigin chuir mé ina luí orm féin go raibh córas imdhíonachta fíor lag agam fiú nach raibh fianaise ar bith ann go mbeadh sé sin fíor. Ansin b’shin an áit a thosaigh an ‘oibseisiún’ le saothráin bheo. Déarfainn gur ith mé kimchi jjigae gach lá ar feadh seachtaine.

         Is stobhach é kimchi jiggae, déanta, dar ndóigh, as kimchi. Bhain mé triail as go leor brandaí difriúla agus an ceann atá éasca le teacht ar ach atá go deas freisin ná an kimchi de chuid ‘Jaru’ atá ar fáil in Supervalu. Seo é an oideas don kimchi jjigae a chuir leigheas orm!

Comhábhair:

Leath oinniún

1 spbh ola olóige

90g kimchi

Canna túna in ola

¼ cupán sú kimchi

1 tsp gochugaru nó púdar sillí

1 tsp gochujang

Clóbh gairleoige, brúite

Paicéad tófú ‘silken’, ciúbaithe go mór

Scailliúin, sliste

 

  1. Gearr suas an oinniún i bpíosaí móra agus cuir i sáspan te é leis an ola olóige chomh maith leis an kimchi. Frioch ar feadh cúpla nóiméad é.
  2. Cuir an tuna leis chomh maith le píosa beag den ola agus frioch arís é ar feadh nóiméid.
  3. Cuir uisce fiuchta leis go dtí go bhfuil gach rud clúdaithe. Cuir an sú kimchi, gochugaru/sillí, gochujang, gairleog agus an tófú leis. Lig do fiuchadh go héadrom ar feadh 10-15 nóiméad.
  4. Riar le rís úr agus cuir na scailliúin ar barr. Is féidir an jjigae a chur thar núdail chomh maith.

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *