Litir Chugat // Léirmheas

Nuair a smaoinímid siar ar an mbliain 2020, smaoinímid faoi bhás. Bhí Bruce Springsteen ag smaoineamh faoin mbás nuair a scríobh sé an t-albam Letter To You (2020). Is dochreidte go bhfuil an t-albam seo, a scríobh Springsteen anuraidh, chomh foirfe don bhliain seo. Fiú dá mbeadh sé ag iarraidh é a dhéanamh anois ní bheadh ​​sé in ann. Thaifead Springsteen an t-albam beo leis an E-Street Band anuraidh gan smaoineamh nach mbeidís in ann taisteal chuig a lucht leanúna timpeall an domhain ar feadh blianta. Tá an t-albam Letter To You i gcomhair gceolchoirmeacha. D’fhág Springsteen an t-uaigneas agus an saoirse den bhealach mór a thaisteal sé ar an t-albam Western Stars (2019) taobh thiar chun filleadh ar a dhúchas. Tá an léirscrios de Nebraska (1982) agus The River (1980) ina áit ar amhráin mar One Minute You’re Here. Ar an t-albam caithfidh Springsteen aghaidh a thabhairt ar bhás. Tá tírdhreach sceridiúil os comhair Sprinsteen ar One Minute You’re Here. Tar éis bhás a charad, cailleann an spéir a réaltaí agus is é dorchadas atá fágtha. Gán a chairde, mar Clarence Clemmons ón E-Street Band, tá Springsteen ina aonar le bagairt an bháis ag taisteal ina threo. 

 

Thosaigh Springsteen ag scríobh Letter To You tar éis an bháis George Theiss, ceann de na comhghleacaithe sa bhanna ardscoile The Castilles. Tá móthuchán Springsteen soiléir ar Last Man Standing. Oibríonn an t-amhrán seo mar sheirbhís chuimhneacháin, ní hamháin i gcomhair Theiss, ach i gcomhair na seanlaethanta a bhfuil sé ag caitheamh i ndiaidh. B’fhéidir go bhfuil Springsteen ciaptha ag an gciontacht mar go raibh sé ráthúil, ach níos mó ná sin, is litir ghrá é dona sheanchara.

 

De réir mar a théann an t-albam ar aghaidh, éiríonn sé níos spreagúla mar thagann an tuiscint in áit an bhróin. Tá clú ar go leor bannaí as a bhfonn dearfach agus a liricí duairce, ó na Smiths go dtí na Gin Blossoms. Ach, tá máistreacht iomlán ag an gcothromaíocht seo ag Springsteen. Tá an t-ahmrán Loose End ó 1979 faoi chlíosa caidrimh idir leannáin óga ach tá sé beagnach dódhéanta gan damsha nuair a éisteann tú leis. Is é Born In The U.S.A an sampla is cáiliúla de. Is é seo amhrán atá úsáidte ag uachtaráin mar Reagan agus Trump chun na sluaite a spreagadh, ach tá an t-amhrán bréan den tír. Bhí fuath ag Springsteen don Cogadh Vítneam agus go raibh daoine daortha chun na bochtaineachta. Is sárshampla é an t-amhrán Ghosts ar an t-albam seo, tá Springsteen fós brónach faoi bhás a chairde ach tá an ceol féin bríomhar. Tá dearcadh Springsteen ag athrú leis an gceol, níl sé ina aonar a thuilleadh mar is féidir leis anam a charad atá ar shlí na fírinne a mhothú ag coiméad súile air.

 

Bhí sé mar aidhm Springsteen a bheith an banna beáir is mó ar domhan agus tá sé sin soiléir anseo. Tá an t-albam cosúil le comhrá cairdiúil idir beirt i dteach tábhairne. Tá Springsteen ag insint scéal a bheatha dúinn, na thuas seal agus na thíos seal, an bháisteach agus solas na gréine a luaigh sé in amhrán an teidil. Tá an beirt ag dul siar ar bhóithrín na smaointe, le cúpla deora agus cuimhní geala go leor. Chuir Springsteen an dlaoi mhullaigh ar an ardtaispeántas le See You in My Dreams. Ag deireadh albaim, tagann sé ar an tuiscint nach é an bás an deireadh. Tá a sheanchairde i gcónaí leis, ina smaointe agus a bhrionglóidí. Is í seo teachtaireacht foirfe don bhliain seo, bliain atá millte le huaigneas agus fulaingt.  Níl Springsteen ag iarraidh rith ar Letter To You. Tá a fhios aige cád atá i ndán dó, ach níl sé ag imeacht go luath.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *