Feisteas na Tríonóide: An Riail Neamhscríofa

Originally published in print, September 2021.

 

“Agus cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le héide scoile a chaitheamh?” Tá mé ciaptha de cheisteanna mar sin ó laethannta na hArdteiste. Ceist bhunúsach atá ann, ceist nach bhfuil ró-dheacair nó ait, ach é sin ráite bhí sé i gcónaí deacair orm teacht ar fhreagra beagáinín difriúil di. Bhí mé de shíor ag déanamh iarrachta freagraí léirsteanacha a thabhairt, freagraí a chuirfeadh an scrúdaitheoir ag smaoineamh. Bhí an cheist seo i gcónaí deacair orm ar chúis ait éigin. An t-aon rud a bhí a fhios agam ná go raibh mé ag súil leis an gcoláiste, ag súil le m’éadaí féin a chaitheamh agus a bheith timpeallaithe le feistis dhifriúla.

         Bhí sé amhail is go raibh an éagsúlacht seo ar cheann de na rudaí is fearr faoin gcoláiste. Níor thug mé mórán smaoinimh dó le bheidh ionraic. Is cuimhin liom go raibh mé ag feighlíocht linbh an samhradh sular thug mé aghaidh ar an gcoláiste agus d’fhreastail máthair an chailín ar Choláiste na Tríonóide, bhí sí lán le scéalta faoina laethannta ar an gcampas agus na feistis agus na nósanna a bhí i mbarr na réime ag an am sin. Níor chaith mé mórán ama ag smaoineamh faoi.

         Bhí sé cloiste agam go minic go mbíonn mic léinn na Tríonóide faiseanta agus go gcuireann siad an-iarracht isteach ina bhfeistis gach lá i gcomparáid le mic léinn i gcoláistí eile b’fhéidir. Is nuair a chuir mé chos ar thalamh na Tríonóide a thuig mé cad a bhí i gceist leis na ráitis seo. Ceann de na céad rudaí a rith liom ná go raibh gach duine chomh faiseanta. Bhí sé de nós agam an éide scoile a chaitheamh don lá ar fad ar scoil agus é a choimeád orm go dtí gur chuir mé ceann le piliúr san oíche. Ag an deireadh seachtaine bheadh sé neamhghnách mé a fheiceáil ag caitheamh aon rud seachas luiteoga. D’fhág mé slán leis sin nuair a thosaigh mé sa Tríonóid.

         Go tobann ní raibh mé ró-chóirithe dá gcaithfinn sciorta nó gúna meánfhada. Ceann de na céad cuimhne atá agam maidir le feisteas ná nuair a bhí ag siúl isteach tríd na doirse ar Shráid Nassau. Bhí bheirt chailíní ag siúl isteach os mo chomhair. Bhí duine acu ag caitheamh gúna sróil ar mheánfhad, bhí dath bándearg air. Bhí an chailín eile ag caitheamh feistis le meascán d’fhionnadh agus leathar. An t-ainmneoir coiteann a bhí idir an bheirt acu ná bróga a bhí á gcaitheamh acu – ‘Docs’.

         Is cuimhin liom gur baineadh siar asam, ní raibh sé de nós agam a bheith chomh gléasta suas do lá na Nollag fiú. D’fhoghlaim mé go tapaidh go raibh mé ag déileáil le rud éigin iomlan difriúil i gcomparáid leis an meánscoil, ach ag an am céanna bhí cosúlachtaí le feiceáil idir an dá rud. Thug mé faoi deara go raibh go leor daoine ag caitheamh na rudaí céanna, ag leanúint na nósanna céanna. Ba ait an rud é gan duine amháin éigin a fheiceáil gach lá ag caitheamh sciorta le ‘Docs’ agus seaicéad leathair.

         Bhí sé suimiúil dom mar ba iad na rudaí a bhí, agus atá, á chaitheamh ag daoine chomh difriúil óna a rudaí a bhí á chaitheamh sa mheánscoil. Ach ag an am céanna mhothaigh mé, i mbealaí, go raibh riail neamhscríofa ann maidir le feistis. Dar ndóigh, ní raibh éinne ag cur brú ar dhaoine na rudaí seo a chaitheamh ach déarfainn go bhfuil sé mar nádúr an duine iarracht a dhéanamh luí isteach leis an tromach.

         Píosa ar phíosa thosaigh mé mé féin ag ceannach píosaí cosúil leis na rudaí a bhí feicthe agam timpeall an champais – ní hé go raibh mé ag déanamh iarrachta daoine eile a chóipeáil, agus ní dóigh liom go raibh mé fiú ag déanamh iarrachta luí isteach leo, ach nuair a thosaigh mé sa Choláiste mhothaigh mé nach raibh daoine ag déanamh breithiúnais orm. Thug sé sin saoirse dom agus ní raibh mé buartha faoi bheith ró-chóirithe a thuilleadh.

          

            

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *