An Mí-Úsáid Gnéis atá Íomhábhunaithe agus an Dlí in Éirinn agus Thar Lear

Rabhadh Ábhair: is faoi an gnéas agus an mí-úsáid gnéasach an alt seo.

 

Ar an 17ú lá de mhí na Samhna, chuir The Victims Alliance – grúpa den Cumann tacaíochta íospartaí agus cearta daonna Éireannacha –  tvuít amach ag rá gur tháinig siad ar fillteáin lán le na mílte íomhánna gnéis ann a raibh roinnte gan toiliú. Bhí thart fá 500 fir páirteach sa scaipeadh de na comhaid seo. Bhí roinnt dóibh tógtha le toiliú ach roinnte gan é. Bhí roinnt dóibh tógtha gan toiliú ar an gcéad dul síos. Tá neart faoi seo nach bhfuil ar eolas againn. Níl a fhios againn cé mhéad iomhá atá ann nó cé mhéad bean atá sna híomhánna sin. Deireann roinnt  tuairiscí go raibh pornagrafaíocht leanaí ann freisin, ach níl sé sin cinnte go fóill. Níl a fhios againn cathain ar thosaigh sé seo. Faoi láthair, tá The Victims Alliance tar éis na cáipéisí ar fad a thabhairt go dtí na Gardaí agus tá siadsan ag déanamh imscrúdaithe orthu. Tá seans ann go mbeidh siad in ann daoine a chúisiú i gcásanna pornagrafaíochta na leanaí, ach sin an méid. Is cás soiléir é de mhí-úsáid gnéis atá íomhábunaithe. Is tragóid é. Is deargnáire é. Ach, faraor sa tír seo, ní coir í. San alt seo, tá fonn orm labhairt faoi roinnt de na dlíthe atá bainteach leis an mí-úsáid gnéis atá íomhábhunaithe timpeall an domhain agus an “An Bille um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara” a mbeidh siad ag déanamh díospóireachta air sa Dáil ag tús mí na Nollag.

 

Táim ag iarraidh nóta beag a chuir isteach anseo chun a rá, gur scríobh mé é seo ar an 22ú lá de mhí na Samhna agus rinne mé an taighde roimhe sin. Le scéal cosúil le seo, tá súil agam go mbeidh cor nua ar an scéal, eolas nua, nó eolas ar chaill mé amach air ó shin. Freisin, leis an bhfoclóir ar phioc mé, rinne mé iarracht nodanna agus leideanna a thógail ó na rudaí atá curtha amach ag The Victims Alliance agus grupaí eile atá bainteach le híospartaigh, ionas go mbeadh an píosa seo ómósach dóibh.

 

Ar dtús, is féidir linn féachaint trasna na dtonnta chuig na Ríocht Aontaithe. I Sasana agus an Bhreatain Beag, is coir ó 2015 í, íomhánna agus físeanna gnéis a scaipeadh gan toiliú agus an t-aidhm anó a chruthú agus is é dhá bhliain an t-uasmhéid tréimhse príosúnachta. Bhí dlíthe cosúil leo curtha bhfeidhm i dTuaisceart na hÉireann i 2016 agus in Albain i 2017. Tá roinnt conspóide leis na dlíthe seo toisc gur choireanna cumarsáide iad, in ionad coireanna gnéis agus mar sin, níl aon anaithnideacht ag na híospartaigh atá ag iarraidh dul chuig na Gardaí chun an coir a thuairisciú.

 

San Ástráil, tá roinnt de na dlíthe is forleithne ag baint leis an mí-úsáid gnéis atá íomhábunaithe ar domhain acu agus, mar sin, is fiúntach an rud é féachaint orthu. Is rud neamhdhleathach é faoi trí chineál dlíthe difriúla: an dlí sibhialta, dlí choiriúil, agus píonos sibhialta. Mar sin, tá i bhfad níos mó deiseanna cásanna a hionchúisiú. Is é cúig bliain an uasmhéid tréimhse phríosúnachta san Astráil don choir. Athraíonn sé seo beagáinín ó stát go stát, ach don chuid is mó is é seo an chaoi sa tír ó 2018 nuair a rithtear na dlíthe san Pharlaimint.

 

In Éirinn, tá an Dáil ag plé “An Bille um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara”. Má éiríonn leis an mBille, beidh sé ina choir  íomhánna agus físeanna gnéis a scaipeadh gan toiliú agus an t-aidhm anó a chruthú. Beidh an t-uasmhéid tréimhse príosúnachta 7 mbliana. 

 

Faoi láthair, tá sé sa triú céim (an céim coiste) le díospóireacht a bheith acu sa Dáil ar an gcéad lá de mhí na Nollag. Tá tacaíocht ag an mBille ón Aire Dlí agus Cirt, Eileána Nic an tSaoi. Tá dóchas agam féin go n-éireoidh leis an mBille. Tá roinnt fadhbanna ag gníomhaithe leis: níl aon rud ann faoi oibrí gnéis agus freisin níl aon rud ann faoin liosta ciontóirí gnéis. Tá cruinnithe na daonra pleanálta agus an t-aidhm na leasú sin a chur isteach. Is Bille riachtanach é seo a raibh ag taisteáil le blianta anuas, ach ní a dhóthain é. Scríobhadh an Bille seo i 2017. Chríochnaigh an chéad díospóireacht an bhliain chéanna sin. Níl cúis ar bith gur thóg sé trí bhliain chun níos mó díospóireachta a bheith sa Dáil.

 

Chun teacht ar ais chuig Sasana agus an Ástráil, tá difríochtaí éagsúla idir na dlíthe sna tíortha sin, agus tá argóintí ann faoi cé chomh éifeachtach atá siad, go háirithe san Ástráil. I Victoria, san Ástráil, ó chuirtear na dlíthe i bhfeidhm, ní ionchúisíodh ach 170 duine idir 2016 agus 2019, ach is léir ó tuairiscí éagsúla go bhfuil timpeall trían de dhaoine idir 16 agus 64 ina n-íospartaigh den mhí-úsáid gnéis atá íomhábunaithe. Deirtear, san Ástráil, nach bhfuil a dhótháin oiliúna ag na Gardaí faoin mí-úsáid gnéis atá íomhábunaithe agus sin í an fadhb is mó. Nuair a théann daoine chucu, níl siad in ann cabhrú leo. Da bhrí sin, ní théann daoine chucu. Ní labhraíonn siad faoi agus leanann an fadhb ar aghaidh. Is fadhb é seo a ritheann tríd an tsochaí ar fad, ní hamháin thar lear ach anseo freisin. Is Bille riachtanach é seo, ach ní oibreoidh an Bille seo gan uasdátú sa chóras oideachais. Ní oibreoidh sé gan comhrá dairíre a bheith ag fir lena chéile faoin mí-úsáid gnéis atá íomhábunaithe. Is fadhb na patrarcachta atá ann agus go dtí go ndéanaimid an obair réiteach a fháil ar an bhfadhb sin, ní bheidh réiteach na faidhbe ann.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *