An fhadhb atá agam le ‘scéimh ghlan’

Originally Published in Print, December 2021

Art by Emily Stevenson.

 

Tá borradh mór faoi scéimh ghlan i láthair na huaire, an fhadhb a bhaineann leis an téarma seo ná nach bhfuil sainmhíniú soléir uirthi. Tá réimse leathan bríonna uirthi, dar le daoine áirithe is éard is brí léi ná táthchodanna gan cheimiceáin ach i dtuairimí daoine eile táthchodanna inbunaithe is brí léi. Cloistear fud fad na cruinne go bhfuil na táthchodanna inár gcúram craicinn ‘dáinséarach’, ‘nimhiúil’, agus ‘carcanaigineach’ ach an bhfuil aon fhírinne leis an scéal sin?

Gealltar dúinn nach dtiocfaidh aois orainn leis na táthchodanna glana seo, nach gcuirfidh siad isteach ar ár gcraiceann, nach mbuailfidh ailse muid. Cén fáth go bhfuil an méid sin cumhacht ag an bhfocal ‘glan’ orainn? Caithim go leor ama ag éisteacht agus ag léamh faoi thuairimí deirmeolaithe ar an ábhar agus déanann an deirmeolaí Shereene Idriss cur síos iontach ar an ábhar. Rinne sí cur síos air ag míniú nach bhfuil aon chumacht san fhrása ‘gan cheimiceáin.’ Is ceimiceán é gach rud, ón aer a análaimid chuig an uisce a ólaimid. Ní hé an ceimiceán atá dáinséarach, is í an dáileog a dhéanann dáinséarach é.

Cé go bhfuil sé fadhbach scéimh ghlan a bhrú, ní he sin le rá go bhfuil na táthchodanna seo dona. Níl aon fhadhb ag baint leo, is í an fhadhb ná an eagla a thimpeallaíonn iad. Níl aon fhadhb leis an táirge í féin ach is fadhb mhór í nuair atá eagla ar dhaoine roimh tháirgí le ‘ceimiceáin’ agus roimh rudaí nach bhfuil ‘nádurtha’ agus ‘glan’. Níl fáil ar dhaoine ar eolas ceart agus tá an mhífhaisnéis ag cur le eagla daoine. Níl gach rud atá nádúrtha sábháilte, tóg arsanaic mar shampla, tagann arsanaic ón nádúr agus is tocsain í.

Is stráitéis margaíochta é ‘glan’. Tá na comhlachtaí ag déanamh iarrachta a gcuid táirgí a dhíol agus chun é sin a dhéanamh tá siad ag cur leis an scéal gur fearr ‘glan’ ná aon rud eile. Tá aithne ag gach duine ar Goop de chuid Gwyneth Paltrow, atá cáiliúil toisc a cuid táirgí ‘glana’. Tháinig Paltrow i dtrioblóid arís le déanaí nuair a dúirt sí go mbaineann sí úsáid as uachtar gréine ‘mar aibhsiú’ amháin. Leanann go leor daoine Paltrow agus ní haon rún é go leanann sí an ghluaiseacht ‘ghlan’, mar sin níl sí anois díreach ag dhíol a cuid táirgí, tá sí anois ag buanú mífháisnéise.

Tá clú agus cáil ar éifeachtaí maithe reatanóil. Is ceimiceán é reatanól a oibríonn chun na cealla craicinn a spreagadh chomh maith le collaigin a spreagadh. Le húsaid fadtéarmach is féidir le reatanól cuma na roc a laghdú. Is é reatanól an táthchuid gníomach i dtáirgí frithroctha. Tá go leor leor páipéirí eolaíochta ann chun é seo a léiriú. Anois leis an ngluaiseacht ghlan, tá cáil ar an táthchuid nádúrtha bakuchiol. Cloiseann daoine go bhfuil sé nádúrtha agus go tobann creideann siad go bhfuil sé níos fearr agus níos sábháilte ná reatanól. Deirtear go ndéanann bakuchiol an rud céanna le reatanól leis na torthaí céanna chomh maith ach níl an fhianaise ann chun fírinne a chur leis an ráiteas sin. Níl an fhianaise eolaíochta againn ar bakuchiol go fóill.

Arís, níl aon fhadhb le táirgí glana, mar chuid mhaith den am níl siad ach ag rá go bhfuil an pacáistiú inbhunaithe nó go bhfuil an táirge veigeán. Ach, caithfear deireadh a chur leis an insint gur fearr glan ná aon rud eile agus go bhfuil aon rud nach bhfuil ‘glan’ dainséarach.

One thought on “An fhadhb atá agam le ‘scéimh ghlan’

  1. Is there currently a lot of debate or uncertainty surrounding the term “borradh mór faoi scéimh ghlan,” and what are some of the different interpretations or meanings associated with it?

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *