An Bhfuil Bás Nó Beatha i ndán don Phictiúrlann?

Originally published in print, September 2021.

 

D’éirigh leis an bpaindéim an lámh in uachtar a fháil ar a lán rudaí, ina measc ná an phictiúrlann. Ní raibh an dara rogha ag go leor comhlachtaí ach a ndoirse a dhúnadh, ar mhaithe le sábháilte an phobail. Cé nár ndeachaigh mé chuig an bpictiúrlann go minic, bhí sé i gcónaí deas filleadh ar rud éigin buan cosúil leis an bpictiúrlann, agus an draíocht a bhaineann léi a mhothú. Anois agus comhlachtaí ag cur fáilte roimh chustaiméirí arís, tá ceist mhór amháin fós idir thalamh agus neamh – an bhfuil bás nó beatha i ndán don phictiúrlann?

         Anois ar na meáin shóisialta tá ‘#DisneyMustPay’ le feiceáil i ngach áit, rud a spreag an cheist maidir le todhchaí na pictiúrlainne. Déarfainn go bhfuil aithne ag gach duine ar an aisteoir mór le rá, Scarlett Johansson, a bhfuil clú agus cáil uirthi timpeall an domhain. Le déanaí, cuireadh scannán amach dá cuid darb ainm ‘Black Widow.’ Thuill Johansson fiche milliún euro nuair a bhuail an scannán ‘Disney+’ chomh maith leis na pictiúrlanna. An fhadhb a bhí ann ná gur gealladh di go mbeadh an scannán á thaispeáint sna pictiúrlanna amháin agus toisc go bhfuil sé ar fáil ar ‘Disney+’ deir Johansson gur chaill sí na milliún euro. Mar sin tá sí faoi láthair ag déanamh agra ar Disney.

         D’fhéadfadh sé seo a bheith túsphointe, áit ina féidir le rudaí eile eascairt as. Dúirt Disney go raibh Johansson ag déanamh neamhaird ar ‘impleachtaí fadtéarmacha domhanda na paindéime COVID-19.’ Ní féidir a shéanadh go bhfuil daoine ag casadh ar sheirbhísí ar nós ‘Netflix’ agus ‘Disney+’ le linn na n-amanna gan fasach seo. Ní raibh fáil acu ar an bpictiúrlann agus anois tá na comhlachtaí móra ar nós ‘Disney’ ag teacht i dtír ar sin.

         Tháinig scannán nua de chuid Emma Stone ar an domhan i rith an tsamhraidh, scannán darb ainm ‘Cruella.’ Bhí an-cháil air agus is cosúil gur bhain an pobal an-sult as mar tá cheana féin conradh aici do scannán leantach le ‘Disney.’ De reir dealraimh, tá idirbheartaíocht déanta ag Stone le ‘Disney’ ina bhfaigheann sí cuid mhaith airgid gach uair a fhéachann duine éigin ar an scannán ar ‘Disney+.’ Má tá fírinne sa scéal seo, d’fhéadfadh Stone 50 milliún a thuilleadh as an scannán.

         Mar sin, caithfear an cheist a chur, an bhfuil gá leis an bpictiúrlann a thuilleadh? Do na daoine a bhfuil grá acu don phictiúrlann, tá dóchas ann. Tá comhlachtaí áirithe ag déanamh a seacht ndíchill domhan a chruthú ina feidir leis na meáin sruthaithe agus an phictiúrlann a mhaireachtáil taobh le taobh. Tóg an Fhéile Scannánaíochta Cannes mar shampla, níl siad ag glacadh le scannáin de chuid ‘Netflix.’ Anuas air sin, tháinig Theirry Frémaux, an stiúrthóir ealaíne do Cannes, amach ag tabhairt amach faoi na féilte scanánnaíochta i mBeirlín agus sa Veinéis ag rá go raibh siad ró-thapa glacadh le scannáin ó ‘Netflix’ agus mar sin.

         Tá mé dóchasach go bhfuil todhchaí i ndán don phictiúrlann, todhchaí ina féidir le scannáin a fheiceáil sa phictiúrlann agus scannáin eile a fheiceáil ar na meáin sruthaithe. Tá sásamh láithreach mar rud ollmhór na laethannta seo, b’fhéidir de dheasca an borradh faoin teicneolaíocht, agus ceapaim go mbeidh sé go maith do dhaoine fanacht ar scannáin sa phictiúrlann seachas a bheith ag iarraidh iad a fheiceáil láithreach bonn ar na meáin sruthaithe. Tá todhchaí na pictiúrlainne idir dhá cheann na meá agus ní fios ag éinne cad a tharlóidh. Is maith an scéalaí an aimsir.

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *